Tá clú agus cáil ar Marc-Uwe Kling, scríbhneoir agus ceoltóir as Beirlín, as a chuid scigscéalta grinn. Seo aistriúchán ón Ghearmáinis ar an chaibidil ‘Blutig’ sa leabhar ‘Die Känguru-Offenbarung’.

“Más cead dom mé a féin a chur in aithne,” a deir sé agus sleamhnaíonn sé a lámh trína chuid gruaige, “is cisteoir le Cumann na bhFostóirí mé. Seans gur chuala tú trácht orainn roimhe.” Tá léine bhán air a bhfuil an chuma uirthi go raibh sí daor, carbhat daite timpeall ar a mhuineál, agus todóg neamhlasta idir a mhéara.
“Ceart go leor. Cén tsuim airgid ba mhaith leat a infheistiú, mar sin?” a fhiafraíonn an comhairleoir bainc.
“Leathmhilliún,” a fhreagraíonn an client.
“Ó hó,” a deir an baincéir agus tagann dreach níos cairdiúla ar a aghaidh. “Suimín nach beag.”
“Go raibh maith agat,” a deir an client. “D’éirigh liom cúpla bob a bhualadh ar chúpla duine, tá a fhios agat. Tuigeann muid a chéile, mar choirpigh, nach dtuigeann?”
Ní thugann an baincéir ach miongháire neirbhíseach.
“Bhí sé dé dhánacht ionam airgead áirithe a tharrtháil ón cháin agus é a atreorú chugam féin.”
“Ar fheabhas.”
“Mar a dúirt mo mhúinteoir eacnamaíochta tráth, tá an banc mar atá an gruagaire: is é an níochán tús gach gnó.”
“Go maith, uhm... conas go díreach ba mhaith leat an t‑airgead a infheistiú?”
“Ba mhaith liom an phunann infheistíochta a bheith mar a bhíonn mo chuid stéigeacha,” a deir an client.
“Tá tú ag rá...” an meafar ceart á lorg ag an bhaincéir... “dea-dhéanta?”
“Ní hea,” a deir an client. “Fuilteach.”
“Fuilteach?”
“Fuilteach. Caithfidh tú rud amháin a thuiscint. Ní oibríonn airgead. Oibríonn daoine. Agus, dá mhó a thagann tú I dtír ar dhaoine, is ea is mó an brabús. Mar sin, cuirigí mo chuid airgid san áit a bhfuil an phian. Cad atá uaim? An tríú domhan atá uaim! Na monarchana sin ina bhfuil líon na n-uaireanta oibre níos airde ná aois na bpáistí a oibríonn ann. Na mianaigh sin san Aifric as a dtagann an t‑amhábhar a chuirtear sna gutháin phóca. Infheistígí I bhfraiceáil gáis ar thearmainn na nIndiach I Meiriceá Thuaidh. Infheistígí I monarchana gunnaí, sa chumhacht adamhach, I gceimiceáin bhia, I síolta géinmhodhnaithe. Is cuma liom...”
“Níl mé cinnte,” a ghearr an baincéir isteach ar a chliant, “an mise an duine is fearr chuige. Seans gur cheart duit labhairt le mo shaoiste. Tá seisean níos oilte ar na rudaí seo...”
“Fan, fan, fan,” a chuir an client stop lena bhaincéir. “Tá mé cinnte gur tusa an duine is fearr chuige. Is cuma liom cad a dhéanfaidh tú le mo chuid airgid. An t‑aon tábhacht go bhfágfaí mé féin faoi shaibhreas. Nó, lena rá níos cruinne, go bhfágfaí faoina thuilleadh saibhris mé.”
“Cinnte, sin é mo jab, gan dabht,” a deir an baincéir. “Ach...”
“Níl uaim ach an rud céanna atá ó gach duine eile a infheistíonn airgead anseo,” a deir an client.
“Níl, níl, tá sé sin fíor...”
“An gcuireann sé isteach ort go labhraím chomh hoscailte sin?”
“Bhuel...”
“Nach tú an cráifeachán beag agam!” a deir an client. “Más spéis leat maitheas a dhéanamh sa saol, níor cheart duit dul sa bhaincéireacht.”
“Ó, nó... ní spéis liom sin, dar ndóigh. Ach...”
“Lig dom, mar sin, an rud a chur sna focail chéanna a úsáideann bhur mbanc féin in bhur gcuid fógraíochta. Infheistígí an t‑airgead sna tíortha is boichte ar domhan chun a ngeilleagar a atógáil, chun jabanna a chruthú, chun dóchas a thabhairt do na daoine...” Tosaíonn gáire ag teacht air. “An t‑infreastruchtúr... suáilcí an tsaormhargaidh...” Briseann gáire histéireach chomh mór sin air go gcaithfidh sé stopadh.
“Tá... tá tú do mo scanrú,” a deir an baincéir bocht de ghuth íseal.
Stopann an client ag gáire do tobann. “An é nach bhfuil mo chuid airgid uait? Bhuel, más mar sin atá, bíodh mar sin!” Éiríonn sé as an chathaoir. “Tá mé cinnte go n-aimseoidh mé giolla éigin eile nach mbeidh scrupall air cúpla pingin a thuilleamh ach mo chuid airgid a infheistiú go héifeachtach. Agus tusa, tá tusa sa jab mícheart! Lá maith agat.”
Imíonn sé as oifig an chomhairleora bainc go giorraisc. Slámann sé an doras ina dhiaidh agus máirseálann amach as an bhanc. Suíonn sé isteach ina limisín taobh amuigh.
“Cén áit anois, a dhuine uasail?” a fhiafraíonn an tiománaí.
“Go dtí an Commerzbank anois, le do thoil. Sin an ceann deireanach a dhéanfaidh muid inniu. Beidh dóthain ansin don lá.