Scríbhneoir óg Seiceach é Jiří Březina a bhfuil iliomad gradam buaite aige as a chuid scéalta bleachtaireachta. Foilsíodh an scéal seo i bhforlíonadh liteartha na hirise ‘Respekt’ i ngeimhreadh 2021. Aistriúchán giorraithe ón tSeicis.

An ghrian a mhúscail mé. An rud is annamh is iontach, a cheap mé, mar is é Honzík a dhéanann an cúram sin de ghnáth. Léimeann sé isteach sa leaba agus tosaíonn sé ag tobadh thart. Níorbh fhada go raibh plup plap a chos le cloisteáil ag teannadh leis an seomra leapa.
Satharn mar is gnáth. D’fhan mé ag súgradh le Honzík idir na piliúir agus rinne mo bhean chéile bricfeasta. Uibheacha agus tósta a bhí againn. Ansin, amach as an teach linn, Honzík agus mise. Bhí nós agam aire a thabhairt don bhuachaill gach deireadh seachtaine, chun spás a thabhairt do mo bhean sa bhaile. Cá rachaidh muid, Honzíku? Clós súgartha! Luascadán! Bosca gainimh! – b’shin iad a chuid éileamh. Ceart go leor.
Páiste sona é Honzík. Tá sé ag léimt thart, ag teagmháil le gach rud agus le gach duine, agus muid ag siúl go leisciúil go bun na sráide, áit a bhfuil a clós súgartha.
Ach, cad atá ag titim amach ansin? Ní fheicim rud ar bith, tá balla de dhroimeanna agus de chloigne sa bhealach orm. Daoine ag stánadh ar rud éigin. Bhreathnaigh Honzík aníos orm go ceisteach. D’ardaigh mé aníos é. Ní fheicim rud ar bith, ach cloisim rud éigin. Tá bruíon éigin ag titim amach sa chlós súgartha. Cloisim scread mná, gol páiste, guth fir. Ba chóir dom tiontú agus imeacht.
Nuair a rinneadh athair díom, dúirt mé liom féin gur duine maith a bheadh ionam feasta. Dea-eiseamláir a bheadh ionam do mo mhac, athair a bhféadfadh sé bheith bródúil as. Chuaigh mé i ngiorracht agus d’amharc mé isteach. Chonaic mé bean a bhí ar a glúine taobh leis an bhosca gainimh. A haghaidh dearg, a gruaig greamaithe dá héadan. Tarrthálaigí mo pháiste! a bhí sí ag screadaíl. Cuidígí leis, duine éigin, le bhur dtoil!
Troid bás agus beatha a bhí ar siúl i lár an bhosca gainimh. Buachaill beag agus a lámh sáite i ngob fiaclach madra mhóir. Bhí an páiste ag gol i mbarr a chinn. Bhí an madra ag tarraingt ar a lámh agus ba léir go raibh an chnámh tar éis briseadh.
Máthair an pháiste atá sa bhean, gan dabht. Ach cé leis an madra? Leis an fhear sin, is dócha. Tatú ar a dhá sciathán, cloigeann maol, slabhraí timpeall ar a mhuineál. Diesel, fág é! Diesel, tar chugam! Diesel! atá sé ag fógairt ar a mhadra, ach ní féidir a rá go bhfuil ag éirí leis ná go bhfuil sé ag cur a chroí isteach.
D’amharc mé timpeall ar an slua. Gnáthshampla randamach de dhaoine a bheadh sa pháirc maidin Shathairn ar bith. Páistí agus daoine fásta, idir fhir agus mhná, an corrphinsinéir. Iad go léir ag stánadh ar an slad, gan a fhios acu cad ba chóir a dhéanamh, cad is féidir a dhéanamh.
Cén fáth nach léimeann duine éigin isteach? Cén fáth na léimeann fear an mhadra féin isteach, cén fáth nach mbeireann sé ar choiléar an mhadra, cén fáth nach mbuaileann sé le rud éigin é? Ní thig liom amharc air seo. Caithfidh mé rud éigin a dhéanamh. Ar son an pháiste bhoicht, ar son mo pháiste féin, go bhfeicfeadh sé go gcaithfidh daoine cuidiú le chéile in am an ghátair.
Honzíku, éist liom. Fan anseo agus ná himigh, an dtuigeann tú? Tá mé ag dul cuidiú leis an bhuachaillín. Fan anseo. Ná bog! Tá eagla air. Amharcann sé orm agus síneann sé a lámha aníos chugam. Cuimlím a fholt agus déanaim miongháire. Beidh mé ar ais. Fan.
Tá an madra ag cur a chos cúil i dtaca. Scaoileann sé gathanna gainimh amach lena chosa agus srannann sé. An buachaill, ní ag gol atá sé níos mó ach ag olagón. Tá Diesel fós ag tarraing ar lámh an pháiste. Tá deireadh na láimhe ag gobadh amach as an taobh eile dá bhéal, ag luascadh mar a bheadh bábóg gan beatha. Mothaím an phian, mothaím go fisiciúil í.
Díríonn an madra a shúile orm, tá a fhios aige fúm. Amharcaim ar an fhear maol tatúáilte, ag súil go gcuideodh sé liom, ach is é a dhéanann sé, suí síos ar bhinse agus ceann faoi. Is léir nach mbeidh aon mhaitheas ann.
Conas dul i ngleic le madra mar seo? Ní fhéadfainn machnamh ar rud ar bith. Dá mbeadh scian agam... ach níl. Ceart go leor. Léimim anuas ar an mhadra agus, le meáchan iomlán mo choirp, brúim chun talaimh é. San am céanna cuirim mo dheasóg timpeall ar a mhuineál agus fáiscim, fáiscim chom láidir agus mé in ann.
Tá an madra ag srannadh chomh bagrach go dtagann aiféala orm gur ndearna mé sin. Dá mhéad mo chuid eagla is ea is mó a fháiscim a mhuineál. Tá m’aghaidh brúite ar chúl a chinn. Tá fionnadh mín air ach tá boladh bréan uaidh. Boladh fola, allais agus seilí. Tá sé ag análú go trom. Fáiscim é mar a bheinn ar mire. Tá mé ar mire. Cá bhfuil an páiste? Ní fheicim an páiste níos mó. Ní fheicim rud ar bith. Ní chloisim rud ar bith ach oiread. Ní chloisim Diesel ag análú níos mó. Tá sé thart.
Mothaím taobh thiar de mo dhroim go bhfuil máthair an pháiste tar éis teacht i ngiorracht. Ondrášku! Ondrášku! atá sí ag impí ar a mhac, ach ní fhreagraíonn sé í. Tá mo dheasóg ag dó leis an phian, tá an madra plúchta fúm, agus tá mé ag guí go dtiocfadh Ondrášek slán as.
Ritheann liom, cad a cheapann mo Honzík faoi seo? An dtuigeann sé cad a tharla anois díreach? An mbeidh tráma síceolaíoch air dá bharr, nó an é go mbeidh sé ag insint gach áit gur laoch a athair?
Tháinig a t‑otharcharr in am. Mairfidh an páiste, ach beidh eagla roimh mhadraí air go ceann a shaoil. Úinéir Diesel, gabhfar é agus cuirfear an dlí air. Na daoine eile a bhí i láthair, beidh cuimhne acu go deo ar eachtra an lae inniu. Ach ní bheidh cuimhne acu ar an bhuachaill beag a tháinig in éineacht liom. Bhí súile na ndaoine sáite sa troid, ní raibh siad ag faire ar mo Honzík. Ní fhaca siad mar a d’fhág mé leis féin ansin é, é trí chéile agus scanraithe. Ní fhaca siad cathain ná conas a d’imigh sé as radharc, cár imigh sé ná cé leis.
Ba chóir dom tiontú agus imeacht.