Tá clú agus cáil ar an scríbhneoir Seiceach Jaroslav Hašek as an úrscéal aoire ‘An Dea-Shaighdiúir Švejk’. Ba scríbhneoir bisiúil grinn é Hašek agus, sa bhreis ar an mhórshaothar cáiliúil sin, scríobh sé an-chuid scéalta beaga éagsúla lena linn a d’foilsítí sna nuachtáin. Seo aistriúchán ar cheann thar a bheith gairid, dar teideal ‘Spolek pro sociální péči’, ón bhliain 1912.

San oifig leasa shóisialaigh

Jaroslav Hašek

“Ní liúntas airgid atá uaim. Obair atá uaim!”

Oifigeach: Fáilte romhat san oifig leasa shóisialaigh. Conas is féidir linn cabhrú leat?

Duine: Tá, uhm, cabhair uaim.

Oifigeach: Ceart go leor. Ainm, slí beatha, aois?

Duine: Is mise Jindřich Majer, siúinéir, 60 bliain d’aois.

Oifigeach: Is trua nach bhfuil tú 50 bliain níos óige, ansin d’fhéadfadh muid tú a chur chuig Oifig na nDaoine Óga. An raibh tú sa charcair riamh?

Duine: Ní raibh.

Oifigeach: Mór an trua! D’fhéadfadh muid tú a chur chuig Oifig na nIar-Phríosúnach. Ach tá tú tugtha don ól, tá súil agam?

Duine: Níl. Ní ólaim ar chor ar bith.

Oifigeach: Faraor, ní dhéanfaidh Oifig um Leasú na nAlcólach cúis ar bith duit, mar sin. Ochón ochón, feicim gur cás deacair atá romham anseo. Cén fáth nach bhfuil tú i do bhean óg a chuaigh ar strae? B’fhéidir linn tú a chur chuig Oifig Ath-Oideachais na Striapach. Nó dá mbeifeá i do chapall batráilte, chuirfeadh muid chuig Oifig Leasa na nAinmhithe thú. Ní Moslamach ná págánach tú ach oiread, is léir, mar sin ní fiú fios a chur ar an Oifig um Iompú na Neamh-Chreidmheach. Tá súil agam gur ghoid tú rud éigin tráth éigin i do shaol, ar a laghad? Níor ghoid? Ní chuideoidh Oifig Ceartúcháin na gCoirpeach leat ach oiread, mar sin. Rithfeadh liom tú a chur chuig Oifig um Fhuascailt na mBocht, ach níl cuma an bhochtanais ort. Is trua sin, mar is cinnte go mbeadh siadsan in ann liúntas airgid a thabhairt duit.

Duine: Liúntas airgid? Ní liúntas airgid atá uaim. Obair atá uaim!

Oifigeach: Obair? A dhuine bocht, obair... Is beag obair atá againn féin anseo!

Aistrithe ag Michal Měchura, 2022-10-22