Fuair mé inspioráid don téacs ó cholún éigin greannmhar a léigh mé i nuachtán éigin Gearmáinise tráth. Ní cumhin liom beo cén nuachtán ná cé hiad an t‑údar, tá brón orm.

Petition le haghaidh support don Ghaeilge

Ná bí i do couch potato, tacaigh lenár initiative ar son na Gaeilge!

Ní ag insiders amháin atá a fhios gur underperformer í an tír seo sna ratings idirnáisiúnta. Má leanann cúrsaí mar atá, bainfear dínn ár status mar global player agus cuirfear an way of life againn i gcontúirt.

Cén fáth? Toisc gur thug muid droim láimhe dár native tongue, an Ghaeilge. Mar sin, back to the roots linn! Cuirimis an Ghaeilge back i lár an aonaigh! Ó thobar íonghlan na Gaeilge a thiocfadh reboot na hÉireann.

Tá grúpa againn tar éis dul i mbun brainstorming agus chruthaigh muid sraith de flyers chun an commitment atá againn don Ghaeilge a chur in iúl. Tá siad ar fáil le download. Molann muid daoibh iad a phriontáil i bhfoirm handouts agus iad a scaipeadh ar bhur gcuid friends and family.

Is é atá romhainn ná consciousness nua a chur ar bun: is í an Ghaeilge an cash cow againn, is aisti a thagann ár gcuid soft skills, is léi a chothófar cohesion inár community! Má chuireann muid go léir le chéile, beidh comeback ar an Ghaeilge, déanfaidh Éire turnaround iomlán agus beidh an tír againn ina success story arís.

Mar sin, ná bí i do couch potato, tacaigh lenár initiative ar son na Gaeilge sa sochaí agus san economy araon! Má dhéanann gach duine an contribution is dual dó, níl romhainn ach win-win situation do chách.

PS. Cuirfear fáilte roimh comments. Tá bhur feedback ag teastáil!

Athinste ag Michal Měchura, 2015-06-15