Fuair mé inspioráid don phíosa seo ó alt dá leithéid a léigh mé sa nuachtán Frankfurter Allgemeine Zeitung tráth. Ní aistriúchán é seo ach athinsint ar an mhothúchán céanna.

Tá sé ag screadaíl ar bhealach a chuirfeadh isteach ort. D’aon ghnó a dhéanann sé sin, tá éilimh aige nach maith leis a chur ar athló. An dúch a athrú! An páipéar a athlíonadh! É a mhúchadh agus a chur ar siúl arís! Tá sé mar a bheadh peata tí agus Tamagotchi in aon cholainn amháin: mórán riachtanais ar bheagán buíochais. Agus ní raibh uaim ach doiciméad aon leathanaigh! Ach anois tá an bheirt againn in adharca a chéile arís sa seomra bídeach brothallach seo ina gcónaíonn an printéir.
Cogar seo liom: conas go bhfuil muid ábalta duine a chur ag spaisteoireacht ar dhroim na gealaí, ach níl muid in ann printéir a chruthú a dhéanfadh a chuid oibre gan coraí gan gearán ar feadh cúig lá as a chéile? An barraíocht le hiarraidh é? Agus conas go bhfuil gá againn le printéirí ar aon chuma? Nach fada geallta dúinn ag fáithe an digiteachais an “oifig saor ó pháipéar”? Más ea, cén fáth a mbíonn orainn útamáil leis na huirlisí diabhalta seo fós? Cén fáth a ndéanann siad imeaglú orainn gach lá?
Tá an freagra simplí: toisc go ngéilleann muid dóibh. Bíodh go bhfuil sé indéanta i bprionsabal obair oifige a shásamh gan páipéar, is fada a mhaireann an sean-nós. Ní déanta gach a bhfuil indéanta. Is fada buan fós a bheidh an páipéar agus an printéir againn mar bhunchloch de thírdhreach na hoifige, iad ag milleadh an tsaoil orainn agus dár gcur as ár meabhair, mar a dhéanfadh seanóir cancránach.
Leanfainn de mo ghearán ach ní féidir dom: tá bíp uaidh arís. Tá sé in am do bhabhta eile sa chogadh síoraí idir an duine agus an meaisín.