Sub Specie Aeternitatis

Pavel Eisner

Aiste é seo leis an teangeolaí Seiceach Pavel Eisner a amharcann ar athbheochan na Seicise agus ar a bhfuil i ndán feasta di féin agus do mhionteangacha eile. Cé gur sa bhliain 1946 a céadfhoilsíodh an téacs, tá na conclúidí chomh ábhartha céanna inniu. Mise a d’aistrigh agus ghiorraigh de bheagán.


Pavel Eisner

Teastaíonn uaim labhairt libh faoi bhás na Seicise. Bás nach bhfuil neart againn air, cuma cé chomh mór is atá anam ár náisiúin. Má ligeann muid dár Seiceachas imeacht le sruth, gheobhaidh an tSeicis bás roimh a ham. Mura ligeann muid, mairfidh sí – ach gheobhaidh sí bás lá amháin ar aon chuma, dála gach teanga riamh anall.

Is beag machnamh a dhéanann an duine ar a bhás féin, agus is lú fós a dhéanann náisiún. Is dall an fórsa a thiománann ar ár n-aistear muid – ach tá deireadh i ndán do gach aistear. Tá an bás i ndán do gach náisiún, gan eisceacht gan éalú. Ní bheidh ann do na hAngla-Shacsanaigh lá amháin, ní bheidh ann do na Rúisigh. Agus ní bheidh ann lá amháin dúinne, na Seicigh, an mhuintir a labhraíonn Seicis.

Is dóigh gur luaithe a éagfaidh na Seicigh ná na hAngla-Shacsanaigh nó na Rúisigh. Bímis réadúil agus admhaímis gur giorra todhchaí na Seicise ná todhchaí an Bhéarla, todhchaí na Rúisise. Déanaimis machnamh fuarchúiseach air seo, cé go n-éiríonn ár gcroíthe glan ina aghaidh.

Is i lár na hEorpa atá náisiún na Seiceach lonnaithe, agus dá dheasca sin, is ionann cinniúint ár náisiúin agus cinniúint lár na hEorpa, maille le cinniúint na hEorpa trí chéile. Tá dhá bhealach a bhféadfadh cúrsaí imeacht.

An chéad rogha ná go leanfar den choimhlint idir na dtíortha móra um an Eoraip. Bíodh nó ná bíodh cóimheá idir na cumhachtaí ann ar feadh tamaill, tiocfaidh an lá nuair a bheidh bua faighte ag ceann acu go deo. Is ina lámha siúd a bheidh dán na Seiceach agus na Seicise feasta. D’fhéadfaidís an náisiún Seiceach a alpadh agus a gcuid féin a dhéanamh dínn, agus ní theastódh mórán dua chuige sin. Ná habraigí liom nach bhféadfadh a leithéid tarlú san fhichiú haois, ná habraigí liom nach bhféadfadh náisiún mór náisiún beag a alpadh trí mheán an oideachais, na meán cumarsáide, na sibhialtachta agus an chultúir i gcoitinne. D’fhéadfadh. Is san oideachas agus i ndea-eagar na sochaí nua-aimseartha atá an uirlis smachta is láidre. B’fhéidir le cibé dream atá i gceannas an uirlis seo a úsáid chun bonn a bhaint dár Seiceachas.

Cogar, conas a tharla sé nár chaill muid ár Seiceachas agus ár dteanga go dtí seo? An chúis ba thábhachtaí ná go raibh muintir na tuaithe – bunadh an náisiúin – taobh amuigh den chóras oideachais. Ní mar sin atá sa lá inniu. Is annamh is féidir maireachtáil gan oideachas inniu. Ba leor don té atá ag an stiúir scolaíocht neamh-Sheiceach a thabhairt isteach, nó fiú ollscolaíocht neamh-Sheiceach. I gceann dhá ghlúin, bheadh an bonn náisiúnta bainte dínn. Seans go mbeadh an tSeicis féin marbh i gceann trí ghlúin. Tá mé in éad leis an té nach gcreideann é.

Dar ndóigh, tá seans ann fós go mbeidh bá i leith na náisiún beaga ag an té a bheidh i gceannas ar an Eoraip lá amháin. Dá dtarlódh sé sin, bheadh cúrsaí an-chosúil leis an dara rogha staire atá i ndán dúinn:

Abair go bhfásfaidh an Eoraip saor ó ollsmacht aon náisiúin faoi leith agus go mbeidh na náisiúin Eorpacha ag obair as lámha a chéile. An t-aon toradh a bheadh ar a leithéid ná Stáit Aontaithe na hEorpa, agus is cosúil go ndéanfaí iarracht teanga choiteann uile-Eorpach a thabhairt isteach. Seans gur fada uainn é sin fós – abair go dtarlóidh sé sa bhliain 3000 nó 4000. Is cuma cathain a tharlóidh sé, an rud atá fúm anseo ná an dóchúlacht – an chinnteacht, fiú – go dtarlóidh sé. Nuair a bheidh sé tarlaithe, is beag seans gurb í an tSeicis an teanga a ndéanfar teanga uile-Eorpach di. Nuair a bheidh a leithéid de theanga uile-Eorpach tagtha, is ag cúlú a bheidh na teangacha eile in dtíortha féin: go mall ar dtús, go tapa níos déanaí. An toradh a bheidh air ná éag na dteangacha beaga arís.

Cuma cén tuar atá againn do thodhchaí na hEorpa agus an domhain, tá dán dosheachanta ag an deireadh: go bhfaighidh an tSeicis bás, agus neart teangacha eile i dteannta léi. B’fhéidir gur faoin bhliain 2500 a tharlóidh sé, b’fhéidir faoi 3500 – is cuma. Beidh an lá ann nuair nach mbeidh ann don tSeicis. Ní i ndroch-chomhluadar a bheidh sí i measc na dteangacha marbha. Beidh a lucht leanúna aici fós, eolaithe, staraithe, daoine a bheidh ag féachaint siar uirthi.

Cad a cheapfaidh siad di? Conas a dhéanfaidh siad í a mheas? Beidh lucht teangeolais á meas ar a tréithe teangeolaíocha amháin: an ghramadach, an fhoghraíocht, an deilbhíocht. Ach is mionlach a bheidh iontu. Beidh an formhór eile á meas ar an mhéid a dúradh inti: ar an smaointeoireacht, ar an mhoráltacht, ar an fhilíocht a bhí ar siúl inti. Mar níl i dteanga ach uirlis, tar éis an tsaoil. Ní mar gheall ar fhoirfeacht a gramadaí atá an tSean-Ghréigis fós á hadhradh inniu, ní mar gheall ar a cuid foghraíochta nó deilbhíochta. Ba theanga álainn í teanga na nGotach freisin, ach tá an teanga sin gan tábhacht dúinn inniu mar tá a ndúradh inti gan tábhacht. Ní mar gheall ar a háilleacht a mhaireann seanteanga na Sean-Ghréige fós, ach mar gheall ar a ndúradh inti.

Ba mhaith le gach duine beo go gcuimhneodh a shliocht air mar dhuine a bhronn luacha orthu. Sin mar ba cheart do náisiúin machnamh, freisin, sin mar ba cheart do theangacha. Os fíor go bhfuil deireadh i ndán do gach ní beo, tá gach ní beo gan chiall mura n-amharcann sé air féin sub specie aeternitatis, ó dhearcadh na síoraíochta. Paradacsa álainn an tsaoil is ea é seo.

Gach saothar a scríobhtar nó a deirtear go dona, go suarach nó fiú go measartha, is loic é a laghdaíonn ar thábhacht na teanga i súile na síoraíochta. Cinnte, ní ar son na síoraíochta a scríobhtar gach leabhar, gach aiste nó gach dán. Tá saothair ann nach gceaptar ach le haghaidh lá amháin, agus is maith sin. Ach ba cheart gach rud a scríobh go foirfe, ar eagla go dtiocfar air arís sa bhliain 4500, 9700 nó 12000.

Deirimis arís é: ba cheart gach téacs a scríobh le go gcuirfeadh sé gliondar ar chroí an tseandálaí a thiocfaidh air sa bhliain 4500 nó 12300, le go ndéarfadh sé: nach éirimiúil an smaoineamh, nach láidir an mothúchán, nach deas an insint! Nach maorga an teanga í an tSeicis! Nach trua nár mhair sí níos faide!

Is coirpeach é gach scríbhneoir bacach. Ní amháin go gcuireann sé blas searbh ar an saol inniu – ach cá bhfios nach é an scríbhneoireacht bhacach an t-aon iarsma a fhanfaidh den teanga go deo? Gach duine a chleachtann a theanga go suarach, loiceann sé ar an teanga, agus is mar gheall air féin is lú tábhacht na teanga do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Loic sub specie aeternitatis is ea é.

Aistrithe ag Michal Měchura, 2008-12-30, CC BY-SA