Litríocht thar sáile

Aistriúchán ón Ghearmáinis ar an chaibidil ‘Der Mann ohne Zeit’ ón leabhar ‘Business Class: Geschichten aus der Welt des Managements’ leis an scríbhneoir Eilvéiseach Martin Suter.

An fear gnóthach

Martin Suter

“Ná téigh thar trí nóiméad, nó brisfidh ar an fhoighne air.”

Tá sé ina chiúnas sa seomra cruinnithe. Ní ciúnas den ghnáthdhéanamh é, áfach, ach ciúnas neamhchompórdach. Ciúnas a chuireann imní i gcroíthe an chúigear fear atá ina suí ann, ag fanacht go dtiocfaidh an saoiste. Is é Herr Rinderknecht an té is mó imní den chúigear. Tá sé nua sa chomhlacht agus is é seo an chéad chruinniú aige. “Ná téigh thar trí nóiméad, ná téigh thar trí nóiméad,” a deir guth ina chloigeann arís is arís. Is minic an chomhairle sin cloiste aige sna laethanta beaga ó tháinig sé isteach sa chomhlacht. “Teorannaigh do chur i láthair do thrí nóiméad ar a mhéad, nó brisfidh ar an fhoighne air.”

Níl a fhios ag Herr Rinderknecht cad a tharlódh dá mbrisfí ar an fhoighne ar Herr Schneebeli, an saoiste. Ach caithfidh go mbeadh sé sin thar a bheith míphléisiúrtha. Má tá an tuiscint cheart á baint aige as na leideanna éagsúla a fuair sé óna chomhghleacaithe, ní féidir foréigean fisiciúil a chur as áireamh fiú. Mar sin, an cur i láthair atá le déanamh aige ar ball, tá sé pleanáilte aige sa dóigh nach mairfidh sé ach dhá nóiméad, tríocha sé soicind. Tá a fhios sin go cruinn aige: thomhais sé le huaireadóir é agus é á chleachtadh i bpríobháideachas a chairr féin sa charrchlós ní ba luaithe.

Tá Herr Schneebeli fós gan teacht. Ní hé Herr Rinderknecht amháin atá neirbhíseach. Tá na fir eile sa seomra neirbhíseach freisin, cé go bhfuil taithí acu ar an saghas seo cruinnithe. Déanann duine acu casacht bheag agus glanann sé a scornach. Baineann duine eile míthuiscint as, ag ceapadh gur comhartha é go bhfuil Herr Schneebeli ag teacht, agus amharcann sé i dtreo an dorais. Amharcann na daoine eile i dtreo an dorais freisin. Herr Rinderknecht féin, is beag nach léimeann sé as a chathaoir sula dtuigtear dó gur aláram bréagach a bhí ann.

“Coinnigí guaim oraibh féin, Herr Rinderknecht,” a deir Herr Hotz go trócaireach. “Gheobhaidh sibh bhur seans ar ball.” Déanann na fir eile gáire beag trócaireach, agus titeann an seomra ar ais sa chiúnas.

“Gan dul thar trí nóiméad,” a cheapann Herr Rinderknecht dó féin, ceann faoi, é ag útamáil trína chuid nótaí. Herr Denzler taobh leis, tá seisean ag súgradh lena pheann agus an rud céanna ag imeacht trína chloigeann: “gan dul thar trí nóiméad”. Herr Aschwanden taobh leis siúd, tá seisean ag ceapadh: “Trí nóiméad? Tá súil agam go mbeidh mé in am!” Herr Brändle ar an taobh eile den bhord, baineann sé an t-uaireadóir dá láimh agus leagann sé ar an bhord é taobh lena leabhar nótaí. Faoi dheireadh briseann Herr Hotz an ciúnas: “Agus ná déanaimis dearmad, a chairde: gan dul thar trí nóiméad. Tá a fhios agaibh cén sórt duine é, Schneebeli.”

Imíonn an t-am agus tá an cúigear fós ina suí sa seomra cruinnithe, ag fanacht leis an té a bhfuil a chuid ama chomh luachmhar sin nach féidir leis ach trí nóiméad a bhronnadh ar gach duine acu. Taobh amuigh den fhuinneog suíonn colúr ar leac na fuinneoige. “Colúr,” a deir duine éigin. Cloistear guthanna ag teacht i gcóngar taobh amuigh den doras, ansin imíonn siad arís. Is cosúil go bhfuil, i seomra éigin eile i bhfoirgneamh an chomhlachta, duine éigin tar éis dul thar na trí nóiméad a bhí ag dul dó. Leis sin, tá an duine sin tar éis nóiméid luachmhara a ghoid ón chúigear seo againne. Nóiméad ó Herr Hotz, nóiméad ó Herr Aschwanden, nóiméad ó Herr Brändle agus, dar ndóigh, nóiméad ó Herr Rinderknecht.

Gach nóiméad anois, is cinnte go n-osclófar an doras de phreab, go máirseálfaidh Herr Schneebeli isteach agus cuirfidh sé tús leis an chruinniú roimh suí síos dó fiú. Gach nóiméad anois. Tá an teannas ag dul i méad agus tá na nóiméid ag dul i laghad. Faoi dheireadh, díreach sula dtuigfear do na fir gur ag fanacht in aisce atá siad, buaileann an teileafón i lár an bhoird. Freagraíonn Herr Hotz é. “Go raibh maith agaibh, Frau Gerhard,” a deir sé agus leagann sé an teileafón síos. “Tugann Herr Schneebeli le fios nach mbeidh sé ábalta teacht, agus gabhann sé ár leithscéal.”

Dar ndóigh tá ár leithscéal aige, a cheapann na fir. Tá faoiseamh orthu nach gcaithfidh an fear gnóthach a am luachmhar a chur amú orthu.

Aistrithe ag Michal Měchura, 2025-06-23