Litríocht thar sáile

I dtús na fichiú haoise bhí an-tóir ag léitheoirí na nuachtán i lár na hEorpa ar sheánra áirithe tuairisce: an tuairisc ón chúirt dlí. Dhéantaí cur síos sna tuairiscí sin ar na cásanna coiriúla a bhí tagtha os comhair cúirte. Dar ndóigh, bhí spéis faoi leith ag an phobal léitheoireachta i gcásanna a raibh uafás agus fuil ag baint leo. Bhain an scríbhneoir Prágach Karel Čapek inspioráid as sin agus scríobh sé líon mór scéalta gearra greannmhara lena linn a dhéanann scigaithris ar an tuairisc cúirte. Seo aistriúchán giorraithe ón tSeicis ar cheann acu, ‘Poslední soud’, ón bhliain 1929, a foilsíodh san iris grinn ‘Nebojsa’ ar dtús agus sa chnuasach ‘Povídky z jedné kapsy’ níos déanaí.

An Breithiúnas Deireanach

Karel Čapek

“Is eol dom gach rud fút, gach rud. Sin an fáth nach féidir liom bheith i mo bhreitheamh ort.”

Dúnmharfóir ab ea é Kugler, naonúr maraithe aige le linn a shaoil. Bhí Kugler riamh ag maíomh nach bhfaighfí greim air lena bheo. Bhí an ceart aige, ar bhealach, mar ní raibh sé beo níos mó nuair a fuarthas greim air.

Garda na bpóilíní ab ea an duine deireanach a mharaigh sé. Tháinig an garda bocht isteach chun Kugler a ghabháil. Mharaigh Kugler é, ach fuair sé féin seacht bpiléar ó ghunna an gharda, trí cinn díobh marfach. Leis sin, d’éiligh Kugler ón dlí saolta, ach níor éiligh sé ó dhlí de chuid an tsaoil eile.

Agus a anam ag fágáil a choirp, chonaic Kugler cé chomh mór éigcríochta is a bhí an saol eile. Níor chuir sé sin iontas air. Duine a bhí sa charcair cúpla uair, ní chuireann timpeallacht nua iontas air.

Níorbh fhada ar an saol eile dó nuair a tháinig lá a bhreithiúnais dheireanaigh. Tugadh Kugler os comhair cúirte. Bhí an seomra cúirte feistithe go simplí, cosúil lena mbíonn ar talamh, ach amháin nach raibh crois ar bith ann leis na finnéithe a chur faoi mhionn – míneofar ar ball cén fáth.

Breitheamh agus giúiré a bhí ann, seandaoine iad ar aon, cuma dhian mhíthrócaireach orthu. Bhí na foirmiúlachtaí sách leadránach: Ferdinand Kugler, gan post, rugadh ar a leithéid seo de lá, básaíodh ar a leithéid sin de lá.

“Cad leis a bpléadálann tú ciontach?” a d’fhiafraigh an breitheamh de.

“Ní phléadálaim ciontach le rud ar bith,” a d’fhreagair Kugler.

“Ceart go leor. Tugaigí an finné isteach,” a dúirt an breitheamh le hosna.

Tháinig seanfhear mór isteach os comhair na cúirte. Bhí cóta leathan gorm air a bhí spréite le réaltaí órga. D’éirigh gach a raibh sa seomra ina seasamh, an breitheamh agus an giúiré san áireamh. Sheas Kugler freisin, mar bhí sé faoi gheasa ag an seanfhear iontach seo, ina ainneoin féin. Nuair a shuigh an seanfhear shuigh an chúirt ar ais.

“Iarraim ar an fhinné,” a thosaigh an breitheamh, “ar ár dTiarna Uilefheasach, a rá linn cén sórt duine é Ferdinand Kugler. Ní gá tú a chur faoi mhionn toisc gur tú an Fhírinne, a Thiarna. Ach iarraim ort, a Thiarna, gan dul i bhfad scéil. Agus tusa, Kugler, fan tusa i do thost. Ní fiú duit rud ar bith a shéanadh, tá gach rud ar eolas aige. Anois, a Thiarna, más é do thoil é, déan do ráiteas.” Chrom an breitheamh chun tosaigh, leag sé a mheáchan ar a uillinneacha, bhain sé a spéaclaí de agus bhí an chuma air go raibh sé ag déanamh réidh d’óráid fhada.

Rinne Dia casacht bheag agus thosaigh sé ag caint.

“Sea, Kugler... Ferdinand Kugler, mac le hoifigeach stáit, bhí sé riamh ina dhuine trioblóideach, fiú mar pháiste. Nach tú a bhí dána, a bhuachaill! An cuimhin leat gur bhain tú greim as ordóg d’athar nuair a rug sé ort tar éis duit bláthanna a ghoid ó ghairdín na comharsan?”

“Bhí na bláthanna uaim le tabhairt do Irma! Thaitin sí liom.” Thosaigh na cuimhní ag teacht ar ais chuig Kugler.

“Tá a fhios agam,” a dúirt Dia. “Bhí sí seacht mbliana d’aois. An fios duit cad a bhain di tar éis sin?”

“Ní fios.”

“Phós sí Oskar, mac le húinéir monarchan. Ach fuair sí bás agus páiste á thabhairt ar an saol aici. Agus cogar, an cuimhin leat Rudolf Záruba?”

“Cad a bhain dó siúd?”

“Fan go n-inseoidh mé duit! Chuaigh seisean isteach sa chabhlach trádála agus thaistil sé an domhan, go bhfuair sé bás in Bombay. Bhí an bheirt agaibh ar na buachaillí ba mheasa sa chomharsanacht. Bhí tú ag gadaíocht ó bhí tú deich mbliana d’aois, bhí tú i do bhréagadóir cruthanta ar feadh do shaoil, thaobhaigh tú droch-chomhluadar...”

Shín an breitheamh a lámh amach, amhail is chun a rá nach mbaineann sé seo le hábhar, ach ní raibh deireadh ag Kugler lena chuid ceisteanna go fóill.

“Agus cad a bhain dá iníon, Mařenka?”

“Mařenka?” a dúirt Dia. “Drochshaol a bhí aici siúd. Striapach a bhí inti sular bhain sí ceithre bliana déag d’aois amach, ansin fuair sí bás agus í fiche. Chuimhnigh sí ortsa ar leaba an bháis. Fuair d’athair bás leis an bhrón agus do mháthair freisin. Chuir tú náire ar do mhuintir. Do dheirfiúr álainn, Martička, níor aimsigh sí fear riamh a bheadh sásta bean a phósadh as teaghlach dúnmharfóra. Tá sí fós beo ach tá sí céasta ag an bhochtaineacht.”

Chrom Kugler a chloigeann. Bheadh tuilleadh ceisteanna aige ar Dhia, ach bhí an breitheamh tar éis a spéaclaí a chur air arís agus dúirt sé: “A Thiarna, caithfidh muid fanacht ar an chás. An ndearna an té atá cúisithe dúnmharú, nó nach ndearna?”

“Rinne,” a d’fhreagair an finné. “Naonúr a mharaigh sé.”

“Go raibh maith agat,” a dúirt an breitheamh. “An bhfuil rud ar bith le rá ag an té atá cúisithe?”

“Níl,” a d’fhreagair Kugler ar nós cuma liom. Ba chuma leis gach rud ag an staid seo.

“Iarraim ar an ghiúiré imeacht chun comhairle, mar sin.”

D’imigh an giúiré, d’imigh an breitheamh, agus d’fhan Kugler agus Dia sa seomra cúirte.

“Cé hiad siúd?” a d’fhiafraigh Kugler de Dhia.

“An giúiré? Sin daoine ar do nós féin,” a d’fhreagair Dia. “Agus an breitheamh, bhíodh sé ina bhreitheamh lena bheo, mar sin tá sé ina bhreitheamh anseo freisin.”

“Ach, a Thiarna...” thosaigh Kugler go faiteach, “gabh mo leithscéal as an cheist a chur, ach... bhí mé ag ceapadh... gur tú féin an breitheamh anseo. Cén fáth nach tusa atá atá i mbun na cúirte?”

“Toisc gur mise Dia. Tá gach rud ar eolas agam, mar sin ní féidir liom breithiúnas ar bith a thabhairt. An dtuigeann tú?”

Ní raibh an chuma ar Kugler gur thuig sé, mar sin lean Dia ar aghaidh. “Dá mbeadh eolas ag an bhreitheamh ar gach rud a bhaineann leat, ní fhéadfadh sé breithiúnas a dhéanamh ort. Thuigfeadh sé gach rud, thuigfeadh sé duit, agus bhrisfí a chroí. Is maith nach eol don bhreitheamh ach do chuid coireanna. Is féidir leis breith a thabhairt ort. Domsa, is eol domsa gach rud fút, Kugler, gach rud. Sin an fáth nach féidir liom bheith i mo bhreitheamh.”

Ag an phointe sin d’fhill an giúiré agus an breitheamh ar ais. “Faigheann muid an cúisí ciontach as dúnmharú naonúir,” a d’fhógair cathaoirleach an ghiúiré. “Daortar Ferdinand Kugler chun príosúnachta san Ifreann go ceann na síoraíochta,” a dúirt an breitheamh. “Cuirtear tús leis an tréimhse príosúnachta láithreach. Anois, an chéad chás eile, le bhur dtoil!”

Aistrithe ag Michal Měchura, 2025-06-25